16 Jul 2024
Minister for Education Norma Foley TD, Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth Roderic O’Gorman TD and Minister for Further and Higher Education, Research, Innovation and Science Patrick O’Donovan TD today announced the publication of the Traveller and Roma Education Strategy (TRES).
The Strategy is a key action under the National Traveller and Roma Inclusion Strategy 2024-2030 (NTRIS II) and is also a committment in the Programme for Government.
It has been specifically developed to meet the needs of children, young people and adults from the Traveller and Roma communities with the aim of enhancing their education and outcomes.
Under the first two-year implementation plan for the strategy, two national Traveller and Roma Education Strategy co-ordinators will be appointed to support the implementation of actions within the Strategy, with an additional full-time national Supporting Traveller and Roma (STAR) co-ordinator role to support Traveller and Roma education. Family Link Workers will also be appointed to support the full roll out of the Tusla Traveller Parenting Support Programme.
Other key actions outlined in the plan include to:
Minister Foley said:
“It is positive to see the numbers of Traveller and Roma young people completing the Senior Cycle and Leaving Certificate have been increasing in recent years.
“However, it is important to also acknowledge that educational outcomes for Traveller and Roma children and young people in our schools are lower than for the general cohort of students.
“This government is committed to strengthening awareness and promotion of inclusion and tackling racism across the education system. It is important that we have an education system which meaningfully engages learners of all ages in a positive learning environment. I believe the implementation of the actions in TRES will greatly enhance the work that we already do to ensure that all children and young people who attend our schools are respected, valued and are supported to reach their full potential and complete their school education to Leaving Certificate.
“I want to acknowledge the hard work and collaboration that took place across the various departments, the Traveller and Roma organisations and with the education partners and our colleagues across all school communities to complete this strategy to ensure that it was an informed and inclusive process. In addition, I would like to say a special thank you to the children and young people who participated in our consultations.”
Minister O’Gorman said:
“In the coming weeks, the Government will publish the new National Traveller and Roma Inclusion Strategy. The Traveller and Roma Education Strategy (TRES) will be an important driver in that strategy’s key theme of education. Improving participation and progression, respecting cultural diversity, and bringing educational improving outcomes for Traveller and Roma children are the cornerstones on which this strategy will be measured. I am pleased to jointly launch and begin the work of the Traveller and Roma Education Strategy today.”
Minister O’Donovan said:
“I'm delighted to see the publication of the National Traveller and Roma Education Strategy. The government plays a crucial role in building a fair, equal, and inclusive society. This strategy ensures that everyone, regardless of background or education, can access higher education without barriers. It acknowledges that each person's educational journey is unique and requires tailored support for success. Thanks to all stakeholders for their significant contributions to creating actionable steps that will bring real change to the education of the Traveller and Roma communities. The strategy's goals are ambitious, but aiming high is essential for creating a more inclusive Ireland.”
An extensive consultation process was undertaken to help develop the strategy, involving collaboration across the three government departments and with representatives from the Traveller and Roma communities and organisations to capture the views and experiences of Traveller and Roma children themselves, Traveller and Roma families and communities and the education sector.
For information and to read the strategy and implementation plan, please visit gov - Traveller and Roma Education Strategy (www.gov.ie)
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman TD agus an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Patrick O’Donovan TD foilsiú na Straitéise Oideachais don Lucht Siúil agus na Romaigh (SOLSR) inniu.
Is príomhghníomh í an Straitéis faoin Straitéis Náisiúnta maidir le hIonchuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach 2024-2030 (SNITR II) agus is gealltanas í freisin i gClár an Rialtas.
Forbraíodh í go sonrach chun freastal ar riachtanais leanaí, daoine óga agus daoine fásta an Lucht Siúil agus na Romach agus é mar aidhm a gcuid oideachais agus torthaí a fheabhsú.
Faoin gcéad phlean cur chun feidhme dhá bhliain don straitéis, ceapfar dhá chomhordaitheoir náisiúnta don Straitéis Oideachais don Lucht Siúil agus na Romaigh chun tacú le cur i bhfeidhm na ngníomhartha laistigh den Straitéis, mar aon le comhordaitheoir náisiúnta lánaimseartha breise chun Tacú leis an Lucht Siúil agus na Romaigh (TLSR). Ceapfar Oibrithe Nasc Teaghlaigh freisin chun tacú le rolladh amach iomlán Chlár Tacaíochta Tuismitheoireachta an Lucht Siúil ag Tusla.
Áirítear i measc na bpríomhghníomhartha eile atá leagtha amach sa phlean:
Dúirt an tAire Foley:
“Is rud dearfach é a thabhairt faoi deara go bhfuil méadú ag teacht le blianta beaga anuas ar líon na ndaoine óga den Lucht Siúil agus na Romach a chríochnaíonn an tSraith Shinsearach agus an Ardteistiméireacht.
“Tá sé tábhachtach freisin, áfach, a admháil go bhfuil torthaí oideachais do leanaí agus do dhaoine óga an Lucht Siúil agus na Romach inár scoileanna níos ísle ná mar atá don chohórt scoláirí i gcoitinne.
“Tá an rialtas seo tiomanta do fheasacht a threisiú agus do chur chun cinn an chuimsithe agus dul i ngleic le ciníochas ar fud an chórais oideachais. Tá sé tábhachtach go mbeidh córas oideachais againn ina mbíonn foghlaimeoirí de gach aois rannpháirteach go bríoch i dtimpeallacht dhearfach foghlama. Creidim go gcuirfidh cur i bhfeidhm na ngníomhartha i SOLSR go mór leis an obair atá á déanamh againn cheana féin chun a chinntiú go léirítear meas agus ómós ar gach leanbh agus duine óg a fhreastalaíonn ar ár scoileanna agus go dtugtar tacaíocht dóibh chun a lánacmhainneacht a bhaint amach agus chun a gcuid oideachais scoile a chríochnú go dtí an Ardteistiméireacht.
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair chrua agus don chomhoibriú a tharla ar fud na ranna éagsúla, eagraíochtaí an Lucht Siúil agus na Romach agus leis na comhpháirtithe oideachais agus ár gcomhghleacaithe ar fud na bpobal scoile uile chun an straitéis seo a chur i gcrích lena chinntiú go raibh sé ina phróiseas eolach agus cuimsitheach. Ina theannta sin, ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis na leanaí agus na daoine óga a ghlac páirt inár gcomhairliúcháin.”
Dúirt an tAire O’Gorman:
“Sna seachtainí amach romhainn, foilseoidh an Rialtas an Straitéis Náisiúnta nua um Chuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach. Beidh an Straitéis Oideachais don Lucht Siúil agus na Romach (SOLSR) mar spreagthóir tábhachtach i bpríomhthéama oideachais na straitéise sin. Is iad rannpháirtíocht agus dul chun cinn a fheabhsú, meas a léiriú ar éagsúlacht chultúrtha, agus torthaí feabhsaithe oideachais do leanaí an Lucht Siúil agus na Romach na bunchlocha ar a ndéanfar an straitéis seo a thomhas. Cuireann sé áthas orm an Straitéis Oideachas don Lucht Siúil agus na Romaigh a sheoladh i dteannta a chéile inniu agus tús a chur leis an obair.”
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Is cúis áthais dom foilsiú na Straitéise Náisiúnta um Oideachas don Lucht Siúil agus Romaigh. Tá ról ríthábhachtach ag an rialtas maidir le sochaí a thógáil atá cothrom, comhionann agus cuimsitheach. Cinntíonn an straitéis seo gur féidir le gach duine, beag beann ar chúlra nó oideachas, ardoideachas gan bhacainní a rochtain. Aithnítear uathúlacht aistear oideachasúil gach duine agus an gá atá le tacaíocht shaincheaptha chun rath a bhaint amach. Gabhaim buíochas leis na páirtithe leasmhara go léir as na hionchuir shuntasacha uathu chun céimeanna inghníomhaithe a chruthú óna dtiocfaidh fíorathrú ar oideachas an Lucht Siúil agus na Romach. Tá spriocanna na straitéise uaillmhianach, ach tá sé ríthábhachtach ionchais arda a bheith ann chun Éire níos cuimsithí a chruthú.”
Bhí próiseas fairsing comhairliúcháin ann mar chúnamh chun an straitéis a fhorbairt, ina raibh comhoibriú ar fud na dtrí roinn rialtais agus le hionadaithe ó phobail agus eagraíochtaí an Lucht Siúil agus na Romach chun teacht ar thuairimí agus taithí leanaí an Lucht Siúil agus na Romach iad féin, teaghlaigh agus pobail an Lucht Siúil agus na Romach agus an earnáil oideachais.
Chun tuilleadh eolas a fháil agus chun an straitéis agus an plean forfheidhmithe a léamh, tabhair cuairt ar https://www.gov.ie/ga/comhairliuchan/straiteis-oideachais-do-phobal-an-lucht-siuil-agus-na-romach/
Department of Education and Youth Press Office
press@education.gov.ie